West=On=Track -
News
Seirbhís thraenach
Gaillimh - Clár Chlainne Mhuiris
molta
Molfar san Stráitéis
Réigiúnach Forbartha do chontaetha an Iarthair
gur cheart seirbhís thraeneach a chur ar fáil
gan mhoill as Clár Chlainne Mhuiris go cathair na
Gaillimhe. Moltar go mbeadh an córas traenacha beaga
seo ag tabhairt seirbhíse do Thuaim agus do Bhaile
Átha an Rí agus moltar freisin go
dtógfaí stáisiún traeneach ar an
Órán Mór; bheadh Órán
Mór ina chuid don chóras nua seo de
réir na Stráitéise atá le
foilsiú as seo go ceann míosa.
An tÚdarás Forbartha
Réigiúnach do chontaetha Ros Comáin,
Mhaigh Eo agus na Gaillimhe a d'ullmhaigh an
Stráitéis seo. Tá ionadaithe as na
Comhairlí Contae sna trí chontae sin, agus
ionadaithe as Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ina mbaill
don Údarás Forbartha Réigiúnach.
Cé nach gá go dtabharfaí aird ar
mholtaí na Stráitéise, tarraingeoidh an
bhéim atá curtha ag an Údarás
Réigiúnda ar sheirbhís thraenacha
tuilleadh airde ar an gceist seo. Tá Coiste
atá ceaptha ag an Aire Séamus Ó
Braonáin ag breithniú na ceiste seo faoi
láthair.
Tá an grúpa "West on Track" ag
éileamh gur cheart go mbeadh fáil ar
sheirbhísí traenach as Cúl Mhuine i
Sligeach chomh fada ó dheas le hInis i gContae an
Chláir. Tá sean-ráillí ann
í gcaitheamh an bhealaigh cheanna féin, agus
is leis an Stát an talamh ar fad.
Ach, san Stráitéis atá
réitithe ag Údarás
Réigiúnach Forbartha an Iarthair, moltar go
rachfaí i mbun na hoibre ina thrí chuid:
tá an tseirbhís as Clár Chlainne
Mhuiris go Gaillimh curtha sa gcéad áit ar an
gcúis gurb é is géire atá ag
teastáil, adeirtear.
"Creideann muid go mbeadh an oiread daoine ag baint leasa
as an tseirbhís sin agus go mbeadh brabach le baint
as", adeir Séamus Mac Gabharáin, an
Príomh Fheidhmeannach ar an Údarás
Forbartha Réigiúnach san iarthar. "Feictear
dúinn gur cheart baile an Óráin
Mhóir a thabhairt isteach sa gcóras seo
freisin mar go mbeidh cuimse daoine ag taisteal an treo sin
chuig a gcuid oibre", adeir sé. "Ach,
theastódh seirbhís bus ansin ón
stáisiún a bheadh ar an Órán
Mór chomh fada leis na hionaid oibre".
Moltar san Stráitéis gur traenacha
trí-charráiste a bheadh ar na
ráillí agus go mbeadh siad ag rith go minic,
go háirithe ar maidin agus trathnóna. Ceapann
an tÚdarás Forbartha Réigiúnach
go bhféadfaí an tseirbhís seo a chur ar
fáil ar chostas caipitiúil euro100m.
De réir na dTreoracha atá le foilsiú
go gairid, bheadh seirbhís as Clár Chlainne
Mhuiris go Cúl Mhúinne í Sligeach ar an
dara cuid don fhorbairt iarnróid agus an ceangal idir
Baile Átha an Rí (Gaillimh) go hInis, Co an
Chláir ar an triú cuid.
"Meastar go bhféadfaí an obair uilig a
dhéanamh ar euro400m," adeir Séamus Mac
Gabharáin in oifig an Údaráis
Fhorbartha Réigiúnaigh. "Cuimhnigh nach mbeadh
aon chostas talún í gceist ó
thárla go bhfuil smacht ag an Stát ar chuile
orlach dó."
|