|
West=On=Track
History
An
chéad traein go hAcaill agus an traein deiridh
Sliocht
as “Fánaíocht i gContae
Mhaigh Eo” le Séamus Mag Uidhir
Caibidil XIV
Tá sé corrach le dhá scór
bliain anois ó tosaíodh ag caint i dtosach faoi
bhóthar iarainn a dhéanamh ó Chathair
na Mart go hAcaill. B'iomaí focal cainte a baineadh amach
sul ar socraíodh ar deireadh go
ndéanfaí an bóthar iarainn chomh fada
le Gob a’ Choire. Ní raibh léamh
ná inseacht ar an ríméad a
bhí ar mhuintir an oileáin nuair a chuala siad go
raibh chuile shórt socraithe le tosach a chur ar an obair.
Ba é a mbarúil nach bhfeicfeadh siad
lá bochtanais ná anró arís
go deo ó thárla anois go mbeadh an traein ag
teacht go béal an dorais acu.
Nár mhór an gar dóibh seo a
théadh chuile bhliain "ag déanamh an
fhómhair" ó Acaill go hAlbain agus go Sasana, an
traein a bheith acu in áit a dhul ar bháid
mhóra go Cathair na Mart le dul ar bhord na loinge ansin a
bhéarfadh go Glascú iad. Cinnte chabhraigh an
traein go mór leis an oileán ach ní
faoi sin atá fúinn trácht anseo anois.
Ní raibh áit ar bith ar an oileán an
tráth sin a gcasfaí beirt ar a chéile
nach mbéadh a bheag ná a mhór de
sheanchas acu faoin maitheas a dhéanfadh an
bóthar iarainn. Ba bheag áird a
bheirtí ar na sean-daoine a sháitheadh a ladar sa
tseanchas anois agus arís ag rá go raibh
sé sa tairngreacht gur lán traenach de choirp a
bheadh leis an gcéad traein a thiocfadh go Gob a’
Choire agus coirp a bheadh leis an gceann speiséalta deiridh
a thiocfadh chomh maith.
Nár mhór an gar dóibh seo a
théadh chuile bhliain "ag déanamh an
fhómhair" ó Acaill go hAlbain agus go Sasana, an
traein a bheith acu in áit a dhul ar bháid
mhóra go Cathair na Mart le dul ar bhord na loinge ansin a
bhéarfadh go Glascú iad. Cinnte chabhraigh an
traein go mór leis an oileán ach ní
faoi sin atá fúinn trácht anseo anois.
Ní raibh áit ar bith ar an oileán an
tráth sin a gcasfaí beirt ar a chéile
nach mbéadh a bheag ná a mhór de
sheanchas acu faoin maitheas a dhéanfadh an
bóthar iarainn. Ba bheag áird a
bheirtí ar na sean-daoine a sháitheadh a ladar sa
tseanchas anois agus arís ag rá go raibh
sé sa tairngreacht gur lán traenach de choirp a
bheadh leis an gcéad traein a thiocfadh go Gob a’
Choire agus coirp a bheadh leis an gceann speiséalta deiridh
a thiocfadh chomh maith.
Dar le cuid mhaith, go mórmhór an t-aos
óg, nach raibh sa tairngreacht chéanna ach
seafóid shean-daoine nár chóir aon
áird a thabhairt air, ach is aisteach í an
chinniúint agus cúrsaí an tsaoil. Ba
mhaith a cuireadh abhaile do mhuintir Acla, dóibh
féin a h-instear é, nár
seafóid ar bith an tairngreacht agus gur doiligh a dhul thar
cómhrá ná cómhairle na sean.
An bhliain a bhí an bóthar iarainn le bheith
críochnaithe bhí "lucht an fhómhair"
ag réiteach le dul go hAlbain mar ba ghnáthach
leo. Bhí díomá orthu nuair nach raibh
’chuile shórt réidh ag lucht an
bhóthair iarainn ionas go dtiocfadh leo imeacht ar an
traein, ach dá mbéadh moill seachtaine eile ar
"lucht an fhómhair" bheadh an traein ann, ach
níor tháinig leo fanacht.
B’éigean dóibh imeacht an bhliain sin
mar a d’imíodh siad roimhe sin, ar an
mbád mór go Cathair na Mart.
D’fhág ós cionn céad acu,
idir fir agus mná, an t-oileán ar
bháid mhóra le dul go Cathair na Mart, agus an
chuid ba mhó dhíobh i mbláth an
tsaoil, agus iad láidir folláin aerach.
D’éirigh go seolta leo go dtáinig siad
cóngarach don chéibh ag Cathair na Mart.
Bhí long Ghlascú ansin ag fanacht leis an taoide
le dul isteach go dtí an chéibh agus nuair a
bhí ceann de na báid mhóra ag dul
thart léi isteach, chruinnigh an chuid ba mhó
dhíobh seo a bhí ar bord an bháid
mhóir anonn go taobh amháin di le lán
a súl a bhaint as an long. Maidin chiuin a bhí
ann gan friota gaoithe ann ach ar éigin, sa gcaoi gur beag
siúl a bhí faoin mbád mór.
Ach ar mhí-ámharaí an tsaoil
tháinig séideán iom-ghaoithe a chaith
an seol thart go dtí an taobh den bhád a raibh na
daoine ina seasamh, agus le meáchan na ndaoine agus an
tseoil h-iompaíodh an bád ar a taobh agus
d’fhan sí mar sin.
Caitheadh a raibh ar bord uirthi amach sa bhfarraige agus
bádh go leor acu. Bheadh seans ag cuid acu ach
bhí seol an bháid anuas ina mullach agus
coinníodh thíos iad. Iad seo nach
dtáinig an seol sa mullach orthu tháinig siad
slán. Nuair a d’iompaigh an bád
bhrúigh an t-uisce isteach innti gur báitheadh
iad seo uilig a bhí thíos faoi bhord uirthi, ach
aon fhear amháin.
Nuair a chonaic foireann na loinge agus fóirne na
mbád eile an rud a tharla tháinig siad de
chabhair orthu seo a bhí san uisce. Bhí siad seo
a bhí faoi sheol an bháid agus iad seo a
bhí thíos faoi bhord thar fóir, acht
sábháladh an chuid eile. Bádh ceithre
dhuine dhéag agus fiche ach fuarthas na coirp uilig. Tugadh
isteach go Cathair na Mart iad gur cuireadh i
gcónraí iad lena dtabhairt abhaile go hAcaill.
Socraíodh ansin go mba é an chaoi ab fhearr lena
dtabhairt abhaile an giota beag den bhóthar iarainn a
bhí le críochnú a chur i
gcóir ionas go bhféadfaí an traein a
chur leis na marbháin go hAcaill. Rinneadh amhlaidh agus
tháinig an traein leo. B’in an chéad
ualach a tháinig ar traein go hAcaill agus bhí a
sá cruthúnais ag muintir an oileáin
ann nach raibh seafóid ar bith ins an chuid sin den
tairngreacht ar chuma ar bith. Tá na coirp a tugadh ar an
traein sin curtha in aon uaigh amháin i reilig Chill
Damhnait i n-uachtar Acla agus leacht shlachtmhar os a gcionn.
D’imigh na blianta thart agus bhí an traein ag
teacht is ag imeacht ó Ghob a’ Choire go Cathair
na Mart agus tráchtáil mhór
dh’á dhéanamh ag lucht an
bhóthair iarainn ann ar feadh i bhfad. Ach
tháinig athrú ar an saol agus ansin sa bhliain
1937 socraíodh go gcaithfí deireadh a chur leis
an mbóthar iarainn sin mar nach raibh sé ag
glanadh a chostais féin ní hé
amháin aon bhrabach a bheith as. Bhí cur agus
cúiteamh go leor ag na daoine agus lucht stiúrtha
an bhóthair iarainn faoin gceist mar nach raibh na daoine
sásta a bheith gan bóthar iarainn, ach i
bhfómhar na bliana sin tugadh an t-ordú go
gcaithfí deireadh a chur leis, nach raibh ann ach
cailliúint. Bhí a gcuid oibrithe faoi seo ag
lucht stiúrtha an bhóthair iarainn ag scaoileadh
anuas agus ag tabhairt chun bealaigh leo gach ar bhain leis an
mbóthar iarainn ionas go bhféadfaí na
ráilleacha a thógáil bun barr.
Nuair a bhí an obair seo uilig ar siúl
tháinig scéal uafásach go hAcaill i
mí Mheán Fómhair na bliana sin.
Rinneadh luaithreán de dheichniúr
stócach as Acaill thall in Albain, áit a
ndeachaigh an teach a raibh siad ina gcodladh ann trí thine
agus gan aon chaoi acusan a fháil as. Tugadh na coirp uilig
abhaile agus cuireadh traein speisialta leo ó Bhaile
Átha Cliath go hAcaill agus b’in an traein
speisialta deiridh a tháinig go Gob a’ Choire.
B’iomaí duine a dúirt ansin, agus
fáth maith acu lena rá, nár
chómhrá cailleach ná
seafóid sean-daoine a bhí sa tairngreacht chor ar
bith, ach caint a raibh ciall innti agus comhairle go
mb’fhiú áird a thabhairt air. Cuireadh
coirp na ndeichniúr ógánach seo i
reilig Chill Damhnait chomh maith.
Ba
as Dumha Thuama in aice le Gaoth Sáile in iarthuaisceart Mhaigh
Eo do Shéamas Mag Uidhir (1902-1969). Bhí aithne mhaith
air ar feadh na mblianta mar mhúinteoir taistil Gaeilge agus mar
mhúinteoir gairmoideachais.
© An
Gúm 1994
|
|